Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | racbhanna banna ceoil | ||||
Réimse oibre | ceol | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1968, Londain | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 4 Nollaig 1980 25 Meán Fómhair 1980 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 1968 – 1980 | ||||
Lipéad ceoil | Atlantic Records Decca Records Swan Song Records | ||||
Seánra | Rac-cheol crua, gormrac, rac-cheol, rac-cheol tíre agus rac clasaiceach | ||||
Faoi thionchar | |||||
Saothar suntasach |
| ||||
Codanna | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | ledzeppelin.com | ||||
Rac-bhanna Sasanach ab ea Led Zeppelin, a bunaíodh sa bhliain 1968 agus a bhí gníomhach le linn na seascaidí agus na seachtóidí. Bhí siad ar cheann de na grúpaí ba mhó suas go dtí a mbriseadh suas tar éis bháis an drumadóra John Bonham sa bhliain 1980. Cé go raibh an-tionchar imeartha ag na gormacha agus rac-cheol ar a gcuid ceoil, chruthaigh Led Zeppelin fuaim úr nua a bhí ní ba chrua agus ní ba throime. Luaitear go minic iad mar cheann de na céad bhannaí sna seánraí rac crua agus miotail troime mar a thugtar orthu anois. Mar sin féin, is iomaí stíleanna éagsúla a bhí le cloisteáil ina n-amhráin, agus is deacair iad a bhrúigh isteach i gcatagóir amháin dá bharr.
Scaoil Led Zeppelin naoi n-albam lena linn, ar a raibh roinnt amhrán atá an-chlúiteach fós - mar shampla Whole Lotta Love, Dazed And Confused, Stairway To Heaven, Black Dog, Immigrant Song, Communication Breakdown agus Kashmir. Níor eisigh siad oiread is rian amháin mar shingil, áfach, mar b'fhearr leo díriú ar an albam mar aonad ina iomlán.
Tá níos mó ná dhá chéad milliún ceirnín díolta acu ar fud an domhain, rud a fhágann go bhfuil siad ar cheann de na grúpaí is mó díol riamh.