Sráidbhaile i gContae na Gaillimhe is ea Leitir Fraic[1] (Letterfrack as Béarla). Tá sé suite i gConamara 15 km slí thoir thuaidh ón gClochán, in aice le bá Bhearna Dhearg agus cuan Bhaile na Cille. Tá ionad cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chonamara suite anseo, chomh maith le Letterfrack Furniture College agus ceanncheathrú Connemara Community Radio.
- ↑ “Leitir Fraic/Letterfrack | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.