Is í Lisa Ann Murkowski (r. 22 Bealtaine 1957) Seanadóir na Stát Aontaithe sóisearach ó Alasca. Ball den Pháirtí Poblachtach atá inti. Is í an chéad bhanseanadóir ó Alasca agus an chéad duine a rugadh in Alasca a toghadh go dtí Seanad SAM.
Rugadh in Ketchikan, Alasca í. Ba Pholannach-Mheiriceánaigh iad a tuismitheoirí. Gobharnóir Alasca a bhí ina h-athair, Frank Murkowski, go dtí an bhliain 2007.