(ga) Loch Cairlinn ![]() | |||||
Cineál | Góilín agus críoch atá ina hábhar achrainn ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1166336 ![]() | ||||
| |||||
Craobh-abhainn | |||||
Is fiord oighreach nó góilín é Loch Cairlinn[1] atá suite idir Contae an Dúin agus Contae Lú. Sreabhann an Rí agus Canáil an Iúir isteach ann, a nascann é go dtí an chathair Iúr Cinn Trá atá in aice láimhe (leanann Canáil an Iúir ar aghaidh chuig Abhainn na Banna agus Loch nEathach; faoin ainm 'an Rí', lúbann an abhainn thart ar Chontae an Dúin). Is iad na fiordanna oighreacha eile in Éirinn atá ar eolas againn ná Loch Súilí agus An Caoláire Rua.
Ar an taobh ó thuaidh, i gContae an Dúin, tá na bailte cósta an Pointe agus Ros Treabhair, cúlaithe le na Beanna Boirche. Ar an chósta theas tá Ó Méith, Cairlinn agus an Grianfort cúlaithe le Sléibhte Cuailgne, go léir ar Leithinis Chuailgne i gContae Lú.
I bhfoinsí níos sine,[2] tugtar Snám Aignech (a chiallaíonn "cainéal sciobtha") ar Loch Cairlinn.