Baineann longa Skuldelev (longa Uigingeacha) leis an aonú haois déag, nuair a d'fhág na Danmhargaigh roinnt constaicí i bhFiord Roskilde chun an phríomhchathair, Roskilde, a chosaint ar thaobh na farraige di. Scuitleáladh cúig long i gcaolas Peberrende in aice le Skuldelev, timpeall fiche ciliméadar taobh thuaidh de Roskilde. Baineadh aníos iad sa bhliain 1962. Cuireadh leatháin iarainn ina dtimpeall, taoscadh an t-uisce agus tógadh na longa amach ina mílte blúire, obair a thóg os cionn ceithre mhí. Ansin rinneadh na blúirí a chaomhnú agus a chur i dtoll a chéile, agus fuarthas neart eolais ar shaoirseacht bád agus long i ré na nUigingeach dá bharr.[1] Síleadh ar dtús go raibh long bhreise (Skuldelev 4) ann ach fuarthas amach nach raibh inti ach cuid de cheann de na longa eile.
I lár na nóchaídí bhí Iarsmalann Roskilde á méadú chun go bhfágfaí longa Skuldelev ann. Ag baint na cré dóibh i bhFómhar na bliana 1996 tháinig an lucht tógála ar iarsmaí long eile. Bhain cuid de na longa sin leis na meánaoiseanna ach bhí long chogaidh Uigingeach ina measc. Tugadh Roskilde 6 uirthi, agus bhí sí timpeall 36 méadar ar fad – an long Uigingeach is faide a fuarthas riamh. Thaispeáin an deindreacroineolaíocht go ndearnadh í timpeall na bliana 1025, agus socraíodh go gcuirfí í ar taispeáint in éineacht le longa Skuldelev.[2]