![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Deireadh Fómhair 1844 Saint Boniface (Impireacht na Breataine) |
Bás | 16 Samhain 1885 41 bliana d'aois Regina, Saskatchewan ![]() |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Áit adhlactha | Saint Boniface Cathedral (en) ![]() ![]() |
Ball de Thionól Reachtach Assiniboia | |
9 Márta 1870 – 24 Meitheamh 1870 | |
Ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada | |
![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Métis |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Collège de Montréal ![]() |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Ottawa Red River Colony (en) ![]() ![]() |
Gairm | polaiteoir ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | polaiteoir neamhspleách ![]() |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Athair | Louis Riel, Sr. |
Siblín | Sara Riel |
Duine muinteartha | Jean-Baptiste Riel (seanathair) Marie-Anne Gaboury (seanmháthair) ![]() |
![]() ![]() ![]() |
Polaiteoir ba ea Louis Riel (22 Deireadh Fómhair 1844 - 16 Samhain 1885) a bhunaigh cúige Manitoba i gCeanada. Bhí sé ina cheannaire ar na Métis,[1] pobal ar mhachairí Cheanada sa chuid is mó.[2][3]
D'eagraigh Riel gluaiseachtaí saoirse dá phobal féin i gcoinne rialtas na tíre. Tar éis éirí amach a eagrú sa bhliain 1869, chuaigh sé i mbun idirghabhála leis an rialtas agus bunaíodh Manitoba.
Chaith sé seal ar imirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar fhear darbh ainm Thomas Scott a chur chun báis le linn an éirí amach. Toghadh trí huaire é chuig parlaimint Cheanada agus é ar a choimeád, ach níor ghlac sé riamh lena shuíochán. Samhlaíodh dó go raibh inspioráid ó Dhia aige mar fháidh agus mar cheannaire, agus chuaigh an creideamh sin i gcionn ar a ghníomhartha.
Bhí sé rannpháirteach in éirí amach eile sa bhliain 1885. Cuireadh tréas ina leith agus cuireadh chun báis é ach maireann a cháil, go háirithe i measc cainteoirí Fraincise i gCeanada, mar laoch de chuid an ghnáthphobail. Bhí tionchar ag a dhaoradh chun báis ar an gcaidreamh a bhí acu sin leis an mhóramh sa tír go ceann i bhfad.