Ainmhí a itheann fásra. Lipéad a úsáidtear go háirithe do na mamaigh mhóra phlanditeacha, cosúil leis na crúbaigh. Bíonn a fhiacla oiriúnaithe chun na plandaí a mheilt, agus a phutóg chun ceallalós a dhíleá. Ní hionann is na feoilitigh, ord ar leith de na mamaigh, níl i ‘luibhiteoir’ ach focal tuairisciúil, agus clúdaíonn sé cuid mhaith foirmeacha nach bhfuil gaolmhar le chéile.[1]