![]() ![]() | |
Foirm cheoil | amhrán náisiúnta ![]() |
---|---|
Sámpla ceoil | ![]() |
Tonúlacht | mórghléas B-maol ![]() |
Cumadóir | Fredrik Pacius |
Leabhrógaí | Johan Ludvig Runeberg |
Liriceoir | Johan Ludvig Runeberg |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 13 Bealtaine 1848 |
Is é Maamme, nó Vårt land sa bhunteanga, amhrán náisiúnta na Fionlainne. B'é Johan Ludvig Runeberg a chum na focail, agus chuir Fredrik Pacius an fonn leo. As Sualainnis a scríobh Runeberg an dán, ach ansin, chuir Paavo Cajander Fionlainnis air. Chualathas an t-amhrán go poiblí an chéad uair ar Mhachaire Gumtäkt (i gceantar Kumpula i Heilsincí an lae inniu), ar an tríú lá déag de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1848. Tá aon cheathrú déag sa dán, ach is iad an chéad cheann agus an ceann deireanach an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.