![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() Príomhshráid, Maigh Nuad ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Chill Dara ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 48 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1416489 | |||
Suíomh gréasáin | maynooth.ie ![]() |
Is baile i gCill Dara in oirthear na hÉireann í Maigh Nuad.[1] Bunaíodh an baile san 18ú haois, ach ainmníodh é ó rí a bhí in Éirinn sa tréimhse réamh-Chríostaí darbh ainm Mogh Nuadhat.[fíoras?] Bhí eaglaisí Críostaí sa dúiche ach níor tháinig ann don bhaile go dtí tamall fada ina dhiaidh sin. Bhí caisleán ag na Gearaltaigh i Maigh Nuad ón 12ú haois agus chuir siad coláiste, Coláiste Mhuire, ar bun i 1518, ach dúnadh é sin nuair a tháinig an an tAthleasú Creidimh agus ionradh na dTúdarach ar Éirinn. Ba iad Gearaltaigh Chill Dara an chlann Normannach ba chumhachtaí in Éirinn, agus nuair nach raibh ríthe Shasana in ann iad a chur faoi smacht, thug siad ceannas dóibh ar an tír.