Is í Maria E. Cantwell (23 Deireadh Fómhair 1958 a rugadh í) Seanadóir na Stát Aontaithe sóisearach ó Stát Washington. Is ball den Pháirtí Daonlathach í. Toghadh go dtí an Seanad í sa bhliain 2001 agus arís sa bhliain 2006.
Rugadh in Indianapolis, Indiana í. Chuaigh sí go hOllscoil Miami in Oxford, Ohio tar éis na hardscoile. Bhain sí amach céim i riarachán poiblí. Thug sí aghaidh ar Seattle, Washington sa bhliain 1983.