Polaiteoir Éireannach is ea Máire Ní Áirne nó Mary Harney de ghnáth (a rugadh ar an 11 Márta 1953 i mBéal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe). Ba Teachta Dála í, agus bhí sí ina Tánaiste ó 26 Meitheamh, 1997 go dtí an 13 Meán Fómhair, 2006. Bhí sí ina ceannaire ar an bPáirtí Daonlathach idir 1993 agus 2006.