![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | sliogiasc agus mollusc shell (en) ![]() ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Mollusca ![]() Cuvier, 1797 |
Cuimsíonn na moilisc[1] páirt d'fhíleam mór na n-ainmhithe inveirteabracha a dtugtar Mollusca orthu. Tá timpeall 85,000 speiceas ar marthain atá ar eolas againn. Is iad na moilisc an fíleam mara is mó atá ann, a chuimsíonn thart ar 23% de mhuirorgánaigh atá ainmnithe againn.
Bíonn an iliomad moileasc beo freisin, i bhfionnuisce agus i ngnáthóga talún. Tá siad an-éagsúil, ní hamháin i méid agus i struchtúr anatamaíocha, ach freisin in iompar agus i ngnáthóg. Go minic bíonn cos mhatánach faoina bhun is fallaing anuas air, clúdaithe le lanna cailcreacha nó blaosc sholadach chailcreach. Bíonn cuas chun tosaigh ina bhfuil na geolbhaigh le haghaidh riospráide. Ceann dea-fhorbartha ag cuid mhaith díobh, le súile is gaireas giall dioscánach. Cosnaítear orgáin an ionathair le blaosc a thálann an fhallaing.
Tá an fíleam roinnte de ghnáth i 9 nó 10 rang tacsanomaíoch, agus tá dhá cheann acu go hiomlán imithe in éag. Tá na ceifealapóid, mar shampla scuideanna, cudail agus na hochtapais, i measc na gceann is mó chun tosaigh, ó thaobh na néareolaíochta de, sna hinveirteabraigh — agus ceachtar acu, an scuid ollmhór nó an scuid ábhalmhór is ea an speiceas inveirteabrach is mó ar eolas. Is iad na gastrapóid,(seilidí agus drúchtíní) na moilisc is líonmhaire go mór i dtéarmaí na speiceas atá aicmithe, agus cuimsíonn siad 80% den iomlán. Tugtar malaceolaíocht ar an staidéar eolaíoch ar na moilisc.[2]