Cineál | boxing match (en) ![]() ![]() | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | Feabhra 1964 ![]() | ||
Rannpháirtí | |||
Spórt | professional boxing (en) ![]() ![]() | ||
Buaiteoir | |||
Troideadh babhtaí dornálaíochta idir Sonny Liston agus Cassius Clay (nó Muhammad Ali mar a bhaist sé air féin níos deireanaí) i 1964 agus arís an bhliain dár gcionn. Tharraing na troideanna – dá dtabharfá troideanna orthu – conspóid ollmhór.[1]
Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3] Níor tugadh seans na ngrást do Clay roimh ré. Ach níor mhair Liston ach leathuair san fháinne nuair a d'éirigh sé as an troid.[4]
An bhliain dár gcionn, ar 25 Bealtaine 1965 in Lewiston, Maine, troideadh babhta eile. Níor mhair an troid ach cúpla 2n30s.[5][6] Dúradh gur chaith Liston ar an urlár é féin agus nach ndearna sé iarracht cheart ar bith. Chuaigh Muhammad Ali[7][8] ar aghaidh sa bhfáinne nó gur glacadh leis go raibh sé ar dhuine de na seaimpíní trom-mheáchain ab fhearr ariamh.[1] An raibh toradh an chluiche socraithe roimh ré ? Dúradh ag an am go raibh an cluiche ceannaithe, nó sin a chreid go leor. Ach persona non grata a bhí i Muhammad Ali in áiteacha go leor ina thír dhúchais ag an am agus dhealraigh sé go raibh lucht tacaíochta Liston thar a bheith míshásta faoin troid ag an am.