Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 528 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ardú | |
Lá féile | 12 Meán Fómhair |
Ba naomh é Naomh Ailbhe nó Naomh Ailbe (Laidin: Albeus). Tá aithne air mar Alby (nó fiú Elvis) i mBéarla agus Eilfyw nó Eilfw i mBreatnais.
Áirítear Naomh Ailbhe mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn sular tháinig Naomh Pádraig. Ach deirtear sna hAnnála Inis Faithleann gur éag sé sa bhliain 528[1].
Easpag agus athair faoistine a bhí ann. Tá traidisiún ann go ndeachaigh sé chun na Róimhe agus gur oirnigh an Pápa ina easpag é.
Bhunaigh sé mainistir in Imleach, a bhí ina dhiaidh sin ar cheann de mhórmhainistreacha na Mumhan. Tá riail de chuid an naoú haois ann, Riail Ailbhe, a chuirtear ina leith.
Bhí baint aige leis an mBreatain Bheag, le Naomh Dáibhí go háirithe. Deirtear gur eisean a bhaist Dáibhí.
Ceiliúrtar féile Ailbhe ar an 12 Meán Fómhair. Pátrún ar Ard-Deoise Chaisil agus Ailbhe é.