|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | racbhanna banna ceoil ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1987, Aberdeen ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 1987 – 1994 | ||||
Lipéad ceoil | Columbia Records Sub Pop Warner Bros. Warner Music Group ![]() | ||||
Seánra | Rac malartach agus grúinse ![]() | ||||
Faoi thionchar | |||||
Codanna | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | nirvana.com ![]() | ||||
Ba bhanna rac-cheoil, nó rac malartaigh as Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá é Nirvana. Tugtar "grúinse" ar an saghas rac-cheoil a bhí á sheinm acu, fuaim úrnua a bhí áit éigin idir phunc-rac agus miotal trom. Grúpa beag neamhspleách a bhí ann ar dtús, ach bhain siad cáil dhomhanda amach go tobann nuair a thrasnaigh an saghas ceoil seo isteach sa phríomhshruth ag tús na 1990idí. Chuaigh a gceirnín is mó cáil Nevermind go barr na gcairteacha sa bhliain 1992, buíochas le singlí cáiliúla ar nós Smells Like Teen Spirit, Come As You Are agus Lithium, agus bhí síorchaint sna meáin faoin tionchar a bhí á imirt acu ar chúrsaí ceoil agus ar an gcultúr go forleathan, fiú.
Tháinig cáil thobann an bhanna aniar aduaidh ar bhaill an ghrúpa féin, áfach, rud a chuir go mór isteach ar amhránaí agus cumadóir Kurt Cobain, ach go háirithe. Chuir féinmharú Chobain deireadh le Nirvana sa bhliain 1994, ach cuirtear suim mhór sa bhanna fós.