Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, neamh-mhiotal agus dúil litifileach |
---|---|
Ocsaigin sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | O |
Uimhir adamhach | 8 |
Mais adamhach | 15.999 |
Cumraíocht leictreon | [He] 2s² 2p⁴ agus 1s² 2s² 2p⁴ |
Peiriad, Grúpa | peiread 2 oxygen carrier activity (en) oxygen gasoreceptor activity (en) calcaigin uisce |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 3.44 |
Ga ianach | 142, 1.21 agus 1.4 |
Stair | |
Aimsitheoir | Carl Wilhelm Scheele agus Joseph Priestley |
Fionnachtain | 1774 agus 1771 |
Eapainm | aigéad |
Is dúil cheimiceach neamh-mhiotalach í an ocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach san atmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina móilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná O. Is é a hocht (8) an uimhir adamhach atá aici, agus is é an meáchan adamhach atá aici ná 15.999.
Leis an teocht chaighdeánach agus faoin mbrú caighdeánach, is gás í an ocsaigin nach bhfuil boladh aisti ná dath inti. Dúil an-imoibríoch í an ocsaigin, agus mar sin, is dual di fanacht ceangailte do dhúile eile i gcomhdhúile ceimiceacha ar a dtugtar ocsaídí. Is í an ocsaigin an dara dúil is leictridhiúltaí amuigh, nó níl ach an fluairín níos fonnmhaire mar ghlacóir leictreon. Dá thoradh sin, tógann sé cuid mhaith fuinnimh an ocsaigin a shaoradh as na hocsaídí agus a aonrú, agus is fiú an cheist a chur, cén fáth a bhfuil an oiread sin ocsaigine san atmaisféar agus atá. Is é an freagra ná gurbh iad na baictéir agus na haircéabaictéir anaeróbacha sa Ré Phailéa-Phrotarasóch (2.5 billiún - 1.6 billiún bliain ó sin) a thál an ocsaigin sin mar sheachthoradh dá meitibileacht. Creidtear, fiú, gur ghlac an chuid ba mhó de na beothaigh a bhí ann san am sin leis an ocsaigin mar a bheadh nimh ann, agus gur thug an gás nimhe seo a mbás, fiú. An chuid ba mhó de na horgánaigh bheo a fágadh nó a forbraíodh ar dhroim an domhain ina dhiaidh sin, bhí siad ábalta leas a bhaint as an ocsaigin, an duine daonna san áireamh.