Ollscoil phríobháideach i Nua-Eabhrac, sna Stáit Aontaithe is ea Ollscoil Columbia nó Columbia University in the City of New York. Tá an phríomhchampas suite i dtuaisceart Manhattan, in Morningside Heights.
Bunaíodh Ollscoil Columbia sa bhliain 1754. Is í an cúigiú ollscoil is sine sna Stáit Aontaithe í agus is ceann de na "Coláistí Coilíneacha" í, is é sin go bhfuil Columbia ar na naoi scoil tríú leibhéil a bunaíodh sa tír úd sular bhain na Stáit Aontaithe a neamhspleáchas ó Shasana amach. Inniu bíonn timpeall 29,250 duine ag déanamh staidéir go lánaimseartha ag Columbia, idir fhochéimithe, chéimithe agus iarchéimithe. Tá 101 duaiseoirí Nobel ar an saol a bhfuil baint éigin acu le Columbia, bíodh ollaimh, iar-ollaimh nó iarmhic léinn de chuid Columbia iad. Bronnann coiste ag Ollscoil Columbia na duaiseanna Pulitzer.