![]() | |
Cineál | dán ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Avienus (en) ![]() ![]() |
Seánra | dán ![]() |
Dán nó periplus fileata is ea Ora Maritima ("Cois farraige") scríofa ag an bhfile Rómhánach den 4ú haois AD, Avienus. Tiomnaíodh an saothar do Sextus Claudius Petronius Probus.
Meastar go bhfuil iasachtaí sa dán ón Periplus Massiliach den 6ú RC.[1][2] Téacs ársa eile luaite ag Avienus is ea Periplus Himilco, cúr síos ar turas Púnach ar mhuir iarthar na hEorpach, a tharla ar chomh am le timpeallú na hAfraice le Hanno, c. 500 RC.[3] Tá an téacs iomlán fréamhaithe ó fhoinse lámhscríbhinne amháin, faighte san editio princeps foilsithe san Veinéis sa bhliain 1488.[4]
Is scéal é Ora Maritima don léitheoir seachas an turasóir, cúr síos mearaithe ar cheantair cois farraige an domhain aitheanta. Mar shampla, léirigh eagarthóir amháin, Berthelot, go raibh tomhais tíre Avienus fréamhaithe ó chúrsaí taistil Rómhánaigh ach go raibh roinnt sraitheanna bun os cionn. Maidir le roinnt ainmneacha ar chósta Spáinne, dúirt Berthelot:
Le gairid, tá spleáchas saontach eagarthóra eile, an staraí-seandálaí, Adolf Schulten, ar chruinneas Avienus coigeartaithe ag scoláirí.[6]
Faightear san Ora Maritima tagairtí d'oileáin Ierne – insula sacra – agus Albion, Éire agus An Bhreatain faoi seach,[7] a bhíodh a gcónaithe ag trádáil leis na hOestrymnides as an mBriotáin.[2] Déantar tagairt fosta do Cypsela, chathair is dócha miotasach ar chósta na Catalóine.rann 521