Athchruthú teoiriciúil is ea an Periplus Massiliach de pheriplus (nó lámhleabhar seoltóireachta) den 6ú haois RC, molta ag Adolf Schulten.[1][2][3] Déantar cúr síos ann ar turas ó Oestrymnis, Pointe du Raz, an Bhriotáin an lae inniu, chuig Massilia, Marseille an lae inniu.
Chreid Schulten gur féidir an Periplus Massiliach a fheiceáil i bhfoirm dáin san Ora Maritima le hAvienus. Séanann scoláirí eile go bhfuil a leithéid ann.