![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
![]() (1980) ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Phil Lynott (en) Philip Lynott ![]() |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Philip Parris Lynott ![]() 20 Lúnasa 1949 Bromwich Thiar, England ![]() |
Bás | 4 Eanáir 1986 36 bliana d'aois Salisbury, England ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Áit adhlactha | Reilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dordóir, cumadóir amhrán, pianódóir, amhránaí, giotáraí ![]() |
Tréimhse oibre | 1965 – |
Ball de | |
Seánra | Rac-cheol |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Dordghiotár, giotár agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Warner Bros. Records ![]() |
Teaghlach | |
Máthair | Philomena Lynott |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Ceoltóir, amhránaí, agus cumadóir amhráin Éireannach ab ea Philip Parris Lynott, (20 Lúnasa, 1949 – 4 Eanáir, 1986). Thin Lizzy an grúpa is mó a bhí aige, agus bhí sé mar bhall bunaidh, cumadóir amhráin, príomhamhránaí agus dordghiotáraí leo. Bhain sé cáil amach mar amhránaí aonarach níos déanaí chomh maith.
Ag fás aníos i mBaile Átha Cliath i rith na 1960idí, bhí Lynott mar príomhamhránaí le roinnt bannaí ceoil, le Skid Row go mór mór, taobh le Gary Moore, sular fhoghlaim sé an dordghiotár. Bhunaigh sé Thin Lizzy sa bhliain 1969. I ndiaidh an rath a tháinig le "Whiskey in the Jar", d'éirigh leis clú is cáil a bhaint amach i rith na 1970idí le "The Boys Are Back In Town", "Jailbreak" agus "Waiting For An Alibi".
Ag deireadh na 1970idí, thug Lynott faoi ghairm aonarach, d'eisigh sé leabhar filíochta. agus i ndiaidh gur bhris Thin Lizzy suas, bhunaigh Lynott an banna Grand Slam, go dtí gur thit siad as a chéile sa bhliain 1985.
Ina dhiaidh sin bhí an tóir sa Ríocht Aontaithe ar an amhrán "Out in The Fields", a rinne sé le Moore, agus an mion-chnagshingil "Nineteen", sular fuair sé bás ar an 4 Eanáir 1986. Sa bhliain 2005, tógadh dealbh de i mBaile Átha Cliath.