![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1986, Bostún ![]() |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1986 – |
Lipéad ceoil | 4AD Elektra ![]() |
Seánra | Rac malartach agus rac indie ![]() |
Faoi thionchar | Neil Young, The Beatles, David Bowie, Wire, The Velvet Underground, The Beach Boys, The Kinks, The Who, Cheap Trick (en) ![]() ![]() |
Codanna | |
Suíomh gréasáin | pixiesmusic.com ![]() |
Banna rac-cheoil, nó rac malartach, as Stáit Aontaithe Mheiriceá é Pixies. Bhailigh an banna fuaimeanna punc-rac agus ceol traidisiúnta le chéile, chun a stíl sainiúil féin a chruthú. Níor bhain an banna aon rath mór amach ar dtús, ach d'imir siad tionchar mór ar a lán bannaí a tháinig ar an bhfód níos déanaí. Cumadóir an-tréitheach é Black Francis, agus bhí cáil aige mar cheoltóir ina aonar chomh maith. Cé gur bhanna beag neamhspleách a bhí ann, tá a dtionchar le cloisteáil fós i rac-cheol nua-aimseartha.
D'aontaigh baill an bhanna ar ais le chéile sa bhliain 2004, agus chuaigh siad amach ar chamchuairt domhanda. Níor thaifead siad aon ábhar nua, agus ag tús na bliana 2008 bhí Black Francis ag rá in agallaimh éagsúla go raibh an ath-aontú thart.