Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 205 (Féilire Ghréagóra) Lycopolis, An tSean-Éigipt |
Bás | 270 (Féilire Ghréagóra) 64/65 bliana d'aois Minturno |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht |
Gairm | fealsamh, scríbhneoir |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Mac/iníon léinn de chuid | Ammonius Saccas |
Mac/iníon léinn | Porphyry agus Cassius Longinus |
Teangacha | An Laidin agus an tSean-Ghréigis |
Fealsamh mór de chuid an tseansaoil ba ea Plotinus (Gréigis: Πλωτῖνος) c. 204/5 – 270). Tá trí phrionsabal le fáil ina fhealsúnacht: an tAon, an Intleacht agus an tAnam.[1] Ba é Ammonius Saccas a mhúinteoir, fear a chloígh leis an traidisiún Platónach.[2] Sa 19ú haois thug staraithe “Nua-Phlatónachas” ar a fhealsúnacht, agus chuaigh a shaothar meitifisiceach i bhfeidhm ar an bpágánachas, ar an gCríostaíocht, ar an nGiúdachas, ar an Ioslamachas agus ar an ngnóisíochas.