Sa bhfisic, an coincheap nach féidir luasghéarú réada a thomhas i dtaca le dearbhspás, ach gur gá é a thomhas i dtaca le damhna iomlán na Cruinne. Is é an damhna go léir mórthimpeall air a dhearbhaíonn táimhe an réada. Ní bheadh ciall ar bith le táimhe sa spás folamh. Ernst Mach a chuir an coincheap chun cinn i 1863, agus ba thábhachtach í i bhforbairt na coibhneasachta ginearálta ag Einstein.[1]