![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 10 Lúnasa 1922 |
Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | St Ignatius College (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir ![]() |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú ![]() |
Ball den IRA i Londain ab ea Reginald William Dunne (Meitheamh 1898 – 10 Lúnasa 1922).[1]
Ar 22 Meitheamh 1922, scaoil Dunne (in éineacht lena chomhghleacaí Joseph O'Sullivan[2]) marbh an Marascail Machaire. Sir Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[3] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna. Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[4]
Cé gur cháin Art Ó Gríofa an beart ba léir ón triail a cuireadh ar Reginald Dunne agus Joseph O’Sullivan go gairid ina dhiaidh sin gur bhain siad beirt le ‘G.H.Q..[1]
Crochadh Reginald Dunne, in éineacht le Joseph O'Sullivan, ar 10 Lúnasa 1922.[5]
Maidir le taisí Dunne agus O’Sullivan a thabhairt abhaile, sa bhliain 1967, ba chuid é sin de bheartas Harold Wilson vótaí a mhealladh ó Éireannaigh thall trí bhá a léiriú lena gcúram.