Ba é Sir Robert Gordon Menzies nó Raibeart Gòrdan Mèinnearach (20 Nollaig 1894 - 15 Bealtaine 1978), dlíodóir agus polaiteoir, an dóú Príomh-Aire déag de chuid na hAstráile.[1] Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an Astráil ar feadh tréimhse níos mó ná a bhí duine ar bith eile (1939-41 agus 1949-66).
Bhí deis a labhartha go hiontach ag Menzies mar dhlíodóir (b'abhcóide de chuid na Banríona é) agus mar pholaiteoir. Chreid sé go diongbháilte sa mhonarcacht agus shíl sé gur chóir don Astráil ceangal muintearais a chothú leis an mBreatain.
D'éirigh sé ina Phríomh-Aire den chéad uair sa bhliain 1939, tar éis bhás Joseph Lyons, ceannaire an United Australia Party. Bhain a pháirtí toghchán na bliana 1940, ach thit an rialtas nuair a vótáil roinnt feisirí ar thaobh an Fhreasúra. Chaith Menzies féin ocht mbliana sa Fhreasúra dá bharr, agus bhunaigh sé Páirtí Liobrálach na hAstráile idir an dá linn. Chuaigh sé i mbun rialtais nua sa bhliain 1949, agus d'fhan sé i gcumhacht nó gur éirigh sé as sa bhliain 1966.