Ba pholaiteoir Briotanach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é Robert Finlayson "Robin" Cook (28 Feabhra 1946 – 6 Lúnasa 2005) a bhí ina Fheisire Parlaiminte (FP) ó 1974 go dtí a bhás i 2005 agus d'fhreastail sé sa Chomh - Aireacht mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ó 1997 go dtí 2001 nuair a tháinig Jack Straw isteach ina ionad. Ansin d'fhreastail sé mar Cheannaire ar Theach na dTeachtaí ó 2001 go 2003.
Rinne sé staidéar in Ollscoil Dhún Éideann sular toghadh é mar Fheisire Parlaiminte do Dhùn Èideann Meadhain (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe) i 1974; aistrigh sé go toghcheantar Bhaile Dhunlèibhe i 1983. Sa Pharlaimint, bhí cáil air as a chumas díospóireachta agus rinne sé dul chun cinn tapa trí na céimeanna polaitiúla agus ar deireadh thiar isteach sa Chomh-aireacht. Mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, rinne sé maoirseacht ar idirghabhálacha na Breataine sa Chosaiv agus i Siarra Leon.
D'éirigh sé as a phoist mar Ard-Uachtarán na Comhairle ( Lord President of the Council) agus mar Cheannaire Theach na dTeachtaí ar an 17 Márta 2003 mar agóid i gcoinne ionradh na hIaráice. Ag am a bháis, bhí sé ina Uachtarán ar an Foreign Policy Centre agus ina Leas-Uachtarán ar an British-American Parliamentary Group, agus ar an Global Security and Non-Proliferation All Party Parliamentary Group.