Is iar-pholaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil é Rory O’Hanlon (rugadh 7 Feabhra 1934) a bhí ina Cheann Comhairle ar Dháil Éireann ó 2002 go 2007, ina Leas-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann ó 1997 go 2002, ina Aire Comhshaoil ó 1991 go 1992, an tAire Sláinte ó 1987 go 1991 agus an tAire Stáit um Éilimh Leasa Shóisialaigh i 1982. Bhí sé ina Theachta Dála (TD) do dháilcheantar an Chabháin-Mhuineacháin ó 1977 go 2011.[1]