Ainmhí caol inveirteabrach is ea an saighead mhara, le colainn thréshoilseach, ar a bhfuil eití cliathánacha is eite eireabaill. Creachóireach. An ceann le roinnt díseanna spíonta a ghabhann an chreach. Timpeall 70 speiceas, amuigh sa bhfarraige oscailte den chuid is mó.[1]