Orgán a dhéanann an guth sna héin, cosúil leis an laraing sa mhamach. Suite sa phíobán garbh, mar a roinneann sé ina dhá phíobán. Tá scannáin chreathacha ann, cochall aisfhuaimnithe (an tiompán), agus matáin áirithe. Baintear feidhm as struchtúr is suíomh na siringe chun éin a rangú ina ngrúpaí gaolmhara.[1]