Smithsonian Institution | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | James Smithson | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Institiúid, eagraíocht neamhbhrabúis agus músaem | |||
Foirgníocht | 10 Lúnasa 1846 | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Comhcheangal | Museum of the Rockies (en) , Weitzman National Museum of American Jewish History (en) agus Wing Luke Museum of the Asian Pacific American Experience (en) | |||
Bunaitheoir(í) | James Smithson agus Joel Roberts Poinsett | |||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 30,000,000 (2012) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | si.edu | |||
Is ionad taighde agus oideachais de chuid SAM é an Smithsonian Institute. Tá ocht n-iarsmalann déag, chomh maith leis an nGáirdín Ainmhithe Náisiúnta, ina mbaill den Smithsonian. Mar sin, 'sé sin an coimpléasc iarsmalainne is mó ar domhan é. Bhí níos mó ná 142 milliún nithe faoina gcúram sa bhliain 2005.
Cruthaíodh é ar an 10 Lúnasa 1846 go reachtúil, as oidhreacht an eolaí Shasanaigh James Smithson a fágadh ina uacht ag an stát Meiriceánach sa bhliain 1829. Bunaíodh é in Washington, D.C. chun "eolas domhanda a threisiú agus a scaipeadh'.
Tá ról lárnach aige sa taighde, oideachas, ealaíon, stair, fisic, seandálaíocht, bitheolaíocht, agus neart réimsí eile. Déanann an Institiúid urraíocht ar chuid mhaith taighde i réimsí leathana eolais.
Tá naoi roinn den iarsmalann Smithsonian lonnaithe ar an dá thaobh den National Mall in Washington DC.