Is cathair sa réigiún Alsás na Fhraince é Strasbourg (An Alsáisis: Stossburi; Gearmáinis: Straßburg).
Is cathair measartha beag í Strasbourg, go háirithe i gcomparáid le cathracha eile na Fraince, agus tá thart fá trí chéad míle duine ina gcónaí ann (bhí 272,975 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2008.).[1]
Tá Strasbourg suite cois abhainn na Réine, díreach ar theorainn na Gearmáine agus tá tionchar na Gearmáine le feiceáil san ailtireacht, sa bhia agus ar an mionteanga réigiúnach Alsáisis.