![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Laidin | lymphocytus T |
Cuid de | córas imdhíonach |
Aitheantóirí | |
MeSH | D013601 |
TH | H2.00.04.1.02007 |
FMA | 62870 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/T-cell |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Is cineál limficíte í T-chill. Tá T-chealla ar cheann de na cealla fola bána tábhachtacha den chóras imdhíonachta agus tá ról lárnach acu sa fhreagra imdhíonachta oiriúnaitheach. Is féidir T-chealla a idirdhealú ó limficítí eile trí ghabhdóir T-chealla (GTC) a bheith i láthair ar dhromchla a gcuid ceall.
Beirtear T-chealla ó ghaschealla fuilghinte,[1] le fáil sa smior. Téann T-chealla atá i mbéal forbartha ar imirce ansin go dtí an fhaireog tímis chun tuilleadh forbartha a dhéanamh (teacht in aibíocht). Faigheann T-chealla a n-ainm ón tímeas.[2] Tar éis aistriú go dtí an tímeas, aibíonn na cealla réamhtheachtaithe agus déantar cineálacha éagsúla T-chealla díobh. Leanann difreáil na T-gceall freisin tar éis dóibh an tímeas a fhágáil. Tá feidhmeanna tábhachtacha éagsúla ag grúpaí d’fhochineálacha T-chealla sainiúla difreáilte chun an fhreagairt imdhíonachta a rialú agus a mhúnlú.