![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (fi) Teuvo Tulio (lv) Teodors Turlajs ![]() |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (lv) Theodor Antonius Deroschinsky-Tugai ![]() 23 Lúnasa 1912 Cathair Pheadair, An Rúis ![]() |
Bás | 8 Meitheamh 2000 87 bliana d'aois Heilsincí, An Fhionlainn ![]() |
Áit adhlactha | Hietaniemi cemetery (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte, léiritheoir scannáin, aisteoir scannáin, aisteoir, eagarthóir scannán ![]() |
Tréimhse oibre | 1929 – 1972 |
Teangacha | An Fhionlainnis |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is é an meas atá ar Teuvo Tulio, nó Theodor Antonius Deroschinsky-Tugai (23 Lúnasa 1912 Cathair Pheadair - 8 Meitheamh 2000 Heilsincí) gurbh eisean máistir an anghrá agus an mhéaldráma i stair scannánaíochta na Fionlainne. Ina aisteoir a thosaigh sé sa bhliain 1929, agus é ag déanamh róil thábhachtacha i scannáin leis an stiúrthóir Valentin Vaala a bhí suite i saol na nGiofóg.
Bhí folaíocht na Laitvia is na Rúise ann, agus cuma eachtrannach air a rinne an-mhealltach, an-draíochtúil i súile na mban é. Cuireadh i gcomparáid le Rudolph Valentino féin é. Sa bhliain 1936 a stiúraigh sé an chéad scannán dá chuid féin.
Na scannáin a rinne sé sna tríochaidí, bhí siad uile bunaithe ar chlasaicigh mhóra na litríochta Fionlannaí, agus thaitin siad go mór mór leis na léirmheastóirí. Chaith sé na blianta cogaidh ag déanamh obair bolscaireachta don arm.
Roimh an gcogadh, ba iad na méaldrámaí tuaithe a thuill a chlú dó, ach ina dhiaidh sin, chrom sé ar chur síos a thabhairt ar shaol na cathrach. Bhí saol drabhlásach, peacúil na cathrach ina théama tábhachtach sna scannáin seo, agus laoch tipiciúil ab ea an cailín macánta ón tuath a chuaigh le meirdreachas sa chathair mhór.
Bhí na téamaí seo oiriúnach go maith don stíl dhrámatúil scannánaíochta a bhí ag Tulio, ach san am céanna, is léir go raibh deacrachtaí go minic aige le cinsireacht na scannán. Shíltí, freisin, go ndeachaigh sé thar fóir, ó thaobh na gcúrsaí craicinn de, sa dá scannán dheireanacha a rinne sé, mar atá, Se alkoi omenasta (1962) agus Sensuela (1972). Cuireadh pornagrafaíocht i leith Sensuela, ach go háirithe.