![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1983, an Ríocht Aontaithe ![]() |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1983 – |
Lipéad ceoil | Interscope Records ![]() |
Seánra | Ceol Ceilteach agus rac-cheol tíre ![]() |
Suíomh gréasáin | mikescottwaterboys.com ![]() |
Is banna ceoil é The Waterboys a bhunaigh Mike Scott sa bhliain 1983. Is ó Albain, ó Éirinn agus ó Shasana iad ceoltóirí an bhanna den chuid is mó, san am a chuaigh thart agus sa lá atá inniu ann. Bhíodh cónaí ar an ngrúpa i Londain, Baile Átha Cliath, an Spidéal, Nua-Eabhrac agus Findhorn. Tá roinnt stíleanna éagsúla seinnte ag an mbanna, ach is meascán é a gcuid ceoil de cheol tíre Ceilteach agus rac is roll, nó rac tíre. Dhíscoir an banna sa bhliain 1993 tar éis deich mbliana de thaifeadadh agus de chamchuairteanna, agus chuaigh Mike Scott sa tóir ar ghairm aonair. Tháinig siad le chéile arís sa bhliain 2000, agus tá siad ag eisiúint albam agus ag déanamh camchuairteanna ar fud an domhain ó shin. Leagann Scott béim ar an leanúnachas idir The Waterboys agus a shaothar aonair, agus áitíonn sé nach bhfuil aon difríocht idir Mike Scott agus The Waterboys; is mar a chéile iad. Ciallaíonn an dá rud, dar leis, é féin agus pé acu leathbhádóirí taistil ceoil a bhíonn aige ag an am.
Tugadh an Ceol Mór (“The Big Music”) ar luathfhuaim The Waterboys as amhrán ar an dara halbam dá gcuid, A Pagan Place. Rinne Scott cur síos ar an stíl cheoil sin mar mheafar a chiallaíonn saothar Dé a thabhairt faoi deara ar domhan. Bhí tionchar ag an stíl, nó úsáideadh í chun cur síos a dhéanamh, ar roinnt bannaí eile, lena n-áirítear Simple Minds, The Alarm, In Tua Nua, Big Country, na Hothouse Flowers agus World Party. Iarbhaill de The Waterboys ba iad World Party. Tháinig méadú suntasach ar thionchar an cheoil tíre ar an mbanna go déanach sna hochtóidí. Faoi dheireadh, d’fhill The Waterboys ar an rac is roll, agus tá albaim rac mar aon le halbaim tíre eisithe acu ónar tháinig siad ar ais le chéile. Is minic a bhíonn tagairtí liteartha agus ceist na spioradáltachta ina gcuid amhrán, a scríobhann Scott den chuid is mó. Tá ardmholadh faighte ag an ngrúpa agus ag gairmeacha aonair na mball ó léirmheastóirí rac agus tíre araon, ach níl an rath tráchtála céanna faighte ag The Waterboys mar bhanna agus atá faighte ag cuid dá mbaill ina n-aonar. Gan trácht ar World Party, tá ceoltóirí eile faoi thionchar The Waterboys freisin ar nós Colin Meloy ó The Decemberists, Grant Nicholas ó Feeder agus Miles Hunt ó The Wonder Stuff. Is leantóirí den bhanna iad Bono agus The Edge ó U2 chomh maith.