|
|||||
![]() ![]() | |||||
Ainmnithe in ómós | The Velvet Underground ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | racbhanna ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1965, Nua-Eabhrac ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 1964 – 1994 | ||||
Lipéad ceoil | Verve Records MGM Records Atlantic Records Cotillion Records Mercury Records Polydor Records Sire Metro-Goldwyn-Mayer ![]() | ||||
Seánra | Rac-ealaine, rac torainn, rac malartach, rac-cheol, rac turgnamhach, rac-cheol tíre, gormrac, rac sícideileach, ceol avant-garde, prótaphunc, crónán, bruitisme, popcheol ealaine agus avant-punk (en) ![]() ![]() | ||||
Saothar suntasach |
| ||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Andy Warhol Steve Sesnick (en) ![]() ![]() | ||||
Codanna | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | velvetundergroundmusic.com ![]() | ||||
Racbhanna Meiriceánach ab ea The Velvet Underground, a bhí gníomhach idir na blianta 1965 agus 1973. Na baill is cáiliúla a bhí ann ná Lou Reed agus John Cale, an bheirt úd a bhain rath nach beag amach mar cheoltóirí aonair. Cé nach raibh mórán ratha tráchtála ag an mbanna ina linn féin, bíonn siad luaite i gcónaí ag na criticeoirí mar cheann de na grúpaí ba thábhachtaí agus ba mhó tionchar riamh, a thóg spreagadh an-mhór do cheoltóirí nua. Mar a deirtear, ní fhaca mórán daoine an banna ag seinm riamh, ach bhunaigh gach duine dóibh bannaí.
B'as Cathair Nua-Eabhrac dóibh. Bhí baint ag an ngrúpa le fochultúr ealaíne Andy Warhol, agus tháinig seisean isteach mar bhainisteoir orthu. Chum siad ceol agus liricí a chuaigh díreach in aghaidh na gcaighdeán sóisialta a bhí ann sna laethanta úd — mar shampla cultúr na ndrugaí, an striapachas agus ábhair eile ón taobh dorcha den chathair. Mar thoradh, d'oscail siad a lán doirsí do ghrúpaí eile a thiocfadh ar an bhfód níos déanaí. Mar chumadóirí, bhí siad an-trialach i gcónaí agus d'imir dearcadh an bhanna tionchar mór ar phunc-rac sna seachtóidí agus ar rac malartach sna nóchaidí.
Chuir Rolling Stone an t-albam The Velvet Underground and Nico ag uimhir 13 ar an liosta de na halbaim is fearr riamh sa bhliain 2003.