Is amhránaí, cumadóir agus aisteoir as an Astráil é Troye Sivan Mellet (Fuaimniú: /trɔɪ sɪˈvɑːn/) (a rugadh ar an 5ú Meitheamh 1995 i Johannesburg, an Afraic Theas). Bhí sé ina chruthaitheoir ar YouTube agus tá 7.8 milliún leantóirí aige ar YouTube agus breis is 1.5 billiún radhairc.
D'eisigh sé a chéad albam Blue Neighbourhood sa bhliain 2015. Chuaigh an singil "Youth" ón albam sin sa top 40 ar an gcairt Billboard Hot 100. Shroich a dara halbam Bloom (2018) uimhir a trí san Astráil agus uimhir a ceathair ar chairt an Billboard 200.
Mar aisteoir, bhí páirt aige in X-Men Origins: Wolverine (2009) agus bhí sé mar an príomhcharachtar sa tríológ Spud. Sa bhliain 2018, fuair sé ainmniúcháin Golden Globe le haghaidh "Best Original Song" leis an amhrán "Revelation", ón scannán Boy Erased. I 2022, bhí sé sa scannán Three Months.