Tuireann

I Miotaseolaíocht na nGael, mac Oghma agus athair Danann, Éadaoine agus Bhriain, Iuchair agus Iucharba ba ea Tuireann (Sean-Ghaeilge, Turenn). Le Fliodhas, ghin sé na deirfiúracha Fand, Bé Chuille agus Bé Téite.

Sa seanscéal Oidheadh Chlainne Tuireann, mharaigh na triúr deartháireacha Cian, athair Lugh. Mar éiric (íocaíocht mar chúiteamh), cuireadh amach ar thóraíocht iad. Agus a dhíoltas tógtha ag Lugh, fuair Tuireann bás de chumha thar a n-uaigheanna.

I leaganacha eile, deirtear gur Dhealbhaodh é a athair. Deirtear freisin scaití gurb ionann Tuireann agus Bricre.[1]

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3, lch. 943.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne