| ||||
Cineál | cinedhíothú foréigean eitneach coireacht in aghaidh na daonnachta coireacht fuatha state crime (en) ![]() eachtra thábhachtach ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | géarleanúint na nGiúdach, Frith-Sheimíteachas agus Holocaust (en) ![]() ![]() | |||
Tréimhse | 1933 - 1945 | |||
Suíomh | An Eoraip faoi fhorghabháil na Gearmáine Gearmáin na Naitsithe, An Reich Gearmánach Italian Libya, An Iodáil (en) ![]() Italian Ethiopia (en) ![]() French protectorate in Morocco (en) ![]() Ríocht na Rómáine Ríocht na hUngáire Ríocht na hIodáile Ailgéir Fhrancach, An Fhrainc Shang-hai, Daon-Phoblacht na Síne ![]() | |||
Tír | Gearmáin na Naitsithe agus Ríocht na Rómáine ![]() | |||
Cúis | Frith-Sheimíteachas ciníochas ![]() | |||
Líon básanna | 6,000,000 ![]() | |||
Déantóir na coire | Adolf Hitler Heinrich Himmler Reinhard Heydrich SS-Totenkopfverbände (en) ![]() Gestapo Wehrmacht ![]() | |||
Cosantóir | ||||
Codanna | ||||
| ||||
Is é an tUileloscadh (Eabhrais: haSho'ah, השואה) an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí áirithe eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda.[1][2] Bhí an frith-Ghiúdachas i gcroílár na hidé-eolaíochta Naitsíche ón tús, agus d'fhógair Adolf Hitler ina leabhar Mo Chath Féin (Mein Kampf) go mbeadh an Ghearmáin ábalta an Chéad Chogadh Domhanda a ghnóthú, ach na "naimhde inmheánacha" a mharú le gás. An té a ghlacfadh an leabhar i ndáiríre, bheadh sé in ann, mar sin, an tUileloscadh a thuar roimh ré.
Is féidir a rá gur thosaigh an tUileloscadh le hOíche na Gloine Briste, nó Reichskristallnacht, ar an ochtú agus ar an naoú lá de Mhí na Samhna, 1938.[3] Ina dhiaidh sin, cuireadh thart ar dhá chéad míle duine chun báis mar chuid de Chlár T-4, clár eotanáise a bhí dírithe ar na daoine a raibh galair oidhreachtúla, galair intinne nó titimeas ag luí orthu.
Ina dhiaidh sin, cuireadh scuaid sluamharfacha ag obair sa chathéadan thoir, agus iad ag lámhach na sluaite Giúdach rompu de réir mar a bhí díormaí Hitler ag teacht isteach ar chríocha an Aontais Shóivéadaigh. Sa deireadh thiar thall, tógadh sluachampaí báis sa Pholainn agus i dtíortha forghafa eile san Oirthear. Na campaí seo, bhí siad ag oibriú seomraí gáis a cheadaigh do na Gearmánaigh na mílte de dhaoine a bhású go sciobtha, de réir próiseas tionsclaíoch a bhí cosúil le crios iompair. Thairis sin, baineadh úsáid as cuid mhaith cimí sna campaí seo le turgnaimh eolaíochta a chur i bhfeidhm orthu, turgnaimh a bhí cosúil le beodhioscadh agus iad bun os cionn ar fad le heitic an dochtúra.
Ba iad na Giúdaigh príomhthargaid an Uilelosctha. Is gnách a rá gur cuireadh sé mhilliún acu chun báis.[4] Dealraíonn sé, fiú, i bhfianaise an taighde is úire, nach bhfuil mórán le cur leis an uimhir seo ná le baint di. Thairis sin, áfach, fuair cuid mhór de Ghiofóga na hEorpa (lucht siúil) bás sna seomraí gáis.
De réir an taighdeora Shasanaigh Ian Hancock, ar Giofóg é féin, is féidir a rá go ndeachaigh ródach den chineál chéanna ar na Giofóga agus ar na Giúdaigh, agus é ag tagairt d'Uileloscadh na nGiofóg le téarma ar leith, mar atá, Porrajmos. Creidtear go bhfuair idir 200,000 agus 800,000 Giofóg bás sa Phorrajmos, is é sin, idir aon cheathrú cuid agus aon leath de phobal na nGiofóg san Eoraip.[5]
Thairis sin, bhí dreamanna eile ann a bhí in an-dainséar iad féin a fháil i seomraí gáis na sluachampaí báis. Bhí dearcadh oifigiúil na Gearmáine ar na Rúisigh agus ar na Slavaigh eile chomh dímheasúil is nach síltí a dhath de iad a chur sa ghás in éineacht leis na "ciníocha ísle" eile. Ar chúiseanna polaitiúla, cimíodh cuid mhaith daoine a bhí gníomhach i bpáirtithe daonlathacha nó i ngluaiseacht ceardchumannaíochta na Gearmáine roimh an réabhlóid Naitsíoch, agus cuireadh roinnt nár bheag acu chun báis. Bhí an campa géibhinn ag bagairt ar na homaighnéasaigh féin—"lucht an triantáin phinc", mar a thugtaí orthu, nó cosúil leis an dóigh ar cuireadh d'fhiacha ar na Giúdaigh an réalta gheal a chaitheamh, ba é an triantán pinc suaitheantas na bhféileacán sa Tríú Reich.[6]