Roicéadeolaí a rugadh i Wellington, an Nua-Shéalainn, ab ea William Hayward Pickering (24 Nollaig 1910 – 15 Márta 2004). Mar stiúrthóir ar Shaotharlann Scairdtiomána na Stát Aontaithe (1954–1976), i bhfeighil na satailíte a rinne an chéad fhithisiú timpeall an Domhain (1958), an chéad tuirlingt bhog ar an nGealach, agus na haistir go Mars (Mariner IX), Véineas is Mearcair (Mariner X). Fuair sé bás in Flintridge, California. Bhí saoránacht ó Nua-Shéalainn agus ó na Stáit Aontaithe aige.[1]